Roger Bacon
Cuma
Fealsamh scolaíoch Sasanach Proinsiasach ar a dtugtar an Dochtúir Iontach ab ea Roger Bacon (c. 1214 – 1294). Spéis aige san eolaíocht nádúrtha, turgnaimh, breathnú díreach, agus an ailceimic. Chreid sé go bhfuil an eolaíocht comhlántach le creideamh. Scríobh sé Opus Majus (Príomhshaothar), Opus Minor (Mionsaothar) agus Opus Tertium (Tríú Saothar). Sa bhliain 1277 cháin an eaglais a chuid scríbhinní, agus cuireadh i bpríosún é go lá a bháis, beagnach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Roger Bacon". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 57.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |