Jalisco
|
|||||
| Mana | «Jalisco es México» «Jalisco no te rajes» | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | Meicsiceo | ||||
| Príomhchathair | Guadalajara | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 7,844,830 (2015) | ||||
| • Dlús | 99.82 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Western Mexico (en) | ||||
| Achar dromchla | 78,588 km² | ||||
| Airde | 1,355 m | ||||
| Pointe is ísle | an tAigéan Ciúin (0 m) | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 1823 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Comhlacht reachtach | Comhdháil Jalisco | ||||
| • Gobharnóir Jalisco | Enrique Alfaro Ramírez (2018–) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | 44-49 | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Cód ISO 3166-2 | MX-JAL | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | jalisco.gob.mx | ||||
Ceann de stáit Mheicsiceo atá i Jalisco, nó Saorstát Flaithiúnais Jalisco (Spáinnis: Estado Libre y Soberano de Jalisco). Tá an stát seo suite ar chósta thiar Mheicsiceo, chois an Aigéin Chiúin, agus é ag críochantacht le hAguascalientes, Zacatecas, San Luis Potosí, Nayarit, Guanajuato, Michoacán, agus Colima. Is í Guadalajara príomhchathair an stáit, agus is é an ceantar timpeall Guadalajara an dara ceantar uirbeach is mó daonra i Meicsiceo - is é an ceantar timpeall na príomhchathrach an ceann is mó, ar ndóigh.
Fuair an stát a ainm ó na hAstacaigh. Is é is brí leis ina dteanga siúd (Nahuatl) ná "machaire gainimh" (xalli-ixtli-co: xalli = gaineamh, ixtli = aghaidh, -co = áit).
Deirtear gurb as Jalisco a tháinig dhá ghné thábhachtacha de chultúr Mheicsiceo - an tequila agus an mariachi. Is éard atá i gceist leis an tequila ná deoch láidir alcólach a dhriogtar as sú coipthe (pulque) an chineál agáibhe ghoirm (Agave tequilana) a bhíonn ag fás go flúirseach in ithir bholcánach Jalisco. Fuair an deoch a hainm ó chathair Tequila i Jalisco. Maidir le mariachi, is éard atá i gceist leis ná banna ceoltóirí a sheinneann ceol bíoga bríomhar. Is féidir banna mariachi a fháil ar cíos le haghaidh fleánna agus féastaí, agus bíonn na ceoltóirí seo in ann amhráin a chanadh freisin. Is iad na hionstraimí is minice a bhíonn acu ná trumpaí, veidhlíní agus giotáir éagsúla. Is iad an guitarrón (cineál dordghiotáir) agus an vihuela (giotár ardairde a bhfuil cúig théad ann) a dhéanann mariachi den bhanna ceoil.
Is í an Spáinnis an teanga is mó a labhraítear. Níl teanga bhundúchasach ach ag 1 % de mhuintir an stáit, agus is iad na teangacha is tábhachtaí acu seo ná an teanga Nahuatl - seanteanga na nAstacach arb í an teanga bhundúchasach is tábhachtaí i Meicsiceo inniu féin - an teanga Huichol - teanga a bhfuil lúb ghaoil aici leis an teanga Nahuatl - agus an teanga Purepecha, nach bhfuil gaolta ar bith aici.
Daoine cáiliúla ó Jalisco iad an scríbhneoir Juan Rulfo agus an ceoltóir Pedro Dimas atá ag iarraidh stíl cheoltóireachta na bPurepecha a chaomhnú agus a chraobhscaoileadh. Rugadh Dimas féin i mbaile beag iargúlta nach raibh ach an teanga Purepecha le cloisteáil ansin, agus bhí an cheoltóireacht i ndúchas a mhuintire.

Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi thíreolaíocht Mheicsiceo é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
