Jump to content

Coisceas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilCoisceas
Aonad SIóm agus kilogram square metre per cubic second square ampere (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle
Cuir in eagar ar Wikidata


Coisceas

I gciorcaid srutha ailtéarnaigh (SA), is éard is coisceas[1] ann ná tomhas ar an teorannú ar shruth, ar aon dul leis an bhfriotaíocht i gciorcaid srutha dhírigh (SD). Sainmhínítear é mar an voltas, roinnte ar an sruth. Úsáidtear Z mar shiombail dó, agus tomhaistear é in óim (Ω). Is cainníocht choimpléascach é, le cuid réadach atá cothrom leis an bhfriotaíocht, agus cuid shamhailteach a bhraitheann ar ionduchtas is toilleas na gcomhbhaill ciorcaid. Sa chás seo bíonn difríocht pais idir an sruth meandrach is an voltas meandrach.[2]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): coisceas” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-06.
  2. Hussey, Matt (2011). "Coisceas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 160.