Belisarius
| Ainm sa teanga dhúchais | (el) Φλάβιος Βελισάριος (la) Flavius Belisarius |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | c. 505 Sapareva Banya (an Impireacht Bhiosántach) |
| Bás | 13 Márta 565 59/60 bliana d'aois Cathair Chonstaintín |
| Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe | |
| Magister militum per Orientem | |
| Strategos | |
| Consal Rómhánach | |
| | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir, oifigeach míleata, saighdiúir |
| Tréimhse ama | An Chianaois Dhéanach |
| Teangacha | An tSean-Ghréigis |
| Gairm mhíleata | |
| Brainse míleata | Arm na hImpireachta Biosántaí |
| Céim mhíleata | magister militum (en) |
| Coinbhleacht | Iberian War (en) |
| Teaghlach | |
| Céile | Antonina |
| Páiste | Ioannina (en) |
Bhí Flavius Belisarius (Gaeilge: Beileasáirias c. 500 – 565) ina cheannasaí míleata ar an Impireacht Bhiosántach faoin impire Iústainian I. Bhí sé lárnach in athghabháil cuid mhaith de chríoch na Meánmhara a bhain le hImpireacht Rómhánach an Iarthair, a bhí caillte níos lú ná céad bliain roimhe sin.
Ceann de na gnéithe sonracha de ghairmréim Bheileasáiriais ná an rath a bhí air in ainneoin leibhéil éagsúla acmhainní a bhí ar fáil. Is minic a thugtar an t-ainm "An Ginearál Rómhánach Deireanach" air. Chloígh sé Ríocht na Vandal faoi naoi mí san Afraic Thuaidh le linn Chogadh na Vandal, agus chloígh sé cuid mhaith den Iodáil le linn Chogadh na nGotach. Chloígh sé arm na Vandal i gcath Ad Decimum, agus bhí ról tábhachtach aige ag Tricamarum. Chuir sé iallach ar Ghelimer, rí na Vandal, géilleadh, in ainneoin go raibh i bhfad ní ba lú trúpaí aige ná a chéile comhraic.
D'athghabh sé féin agus a chuid trúpaí cathair na Róimhe, agus ansin sheas sé an fód, cé go raibh an bhreis ina haghaidh, le linn léigear na Róimhe.