An Laitvia
| Latvija (lv) | |||||
|
|||||
| Aintiún | Dievs, svētī Latviju! | ||||
| Mana | «Tēvzemei un Brīvībai» «Per la Pàtria i la llibertat» «Best enjoyed slowly» «I'w fwynhau'n araf!» | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Príomhchathair | Ríge | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 1,856,932 (2025) | ||||
| • Dlús | 28.75 hab./km² | ||||
| Déamainm | Laitviach | ||||
| Teanga oifigiúil | an Laitvis | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Na Stáit Bhaltacha an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch | ||||
| Achar dromchla | 64,593.76 km² | ||||
| • Uisce | 1.5 % | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Bhailt | ||||
| Pointe is airde | Gaiziņkalns (en) | ||||
| Pointe is ísle | Muir Bhailt (0 m) | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Latvian Socialist Soviet Republic (en) | ||||
| Cruthú | 18 Samhain 1918 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach agus poblacht | ||||
| Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Laitvia | ||||
| Comhlacht reachtach | Saeima (en) | ||||
| • Uachtarán na Laitvia | Andris Bērziņš (2011–2015) | ||||
| • Príomh-Aire na Laitvia | Evika Silina (2023–) | ||||
| Údarás breithiúnach is airde | Constitutional Court of the Republic of Latvia (en) | ||||
| Eacnamaíocht | |||||
| OTI ainmniúil | 39,725,383,601 $ (2021) | ||||
| Airgeadra | Euro | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | LV-1919 | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Fearann Idirlín barrleibhéil | .lv | ||||
| Glaochód | +371 | ||||
| Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 110 agus 113 | ||||
| Cód tíre | LV | ||||
| Cód NUTS | LV | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | president.lv | ||||
Tír i dtuaisceart na hEorpa is ea an Laitvia[1] (Laitvis: Latvija), nó Poblacht na Laitvia (Laitvis: Latvijas Republika) go hoifigiúil. Tá teorainn aici leis an Eastóin, an Rúis, an mBealarúis agus an Liotuáin. Tá An Mhuir Bhailt in aice léi freisin. Is ball den Aontas Eorpach í.
Daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an daonra céanna ag Laitvia agus Cúige Laighin in Éirinn (1.9 milliún).
Is í Ríge—an chathair is mó sna tíortha Baltacha—an phríomhchathair. Tá beagnach naoi gcéad míle duine ina gcónaí sa phríomhchathair. Is é aerfort Ríge an t-aerfort is mó sna tíortha Baltacha.

Teanga
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí tráth ann agus b’í an Ghearmáinis teanga na huasaicme agus ní labhraíodh ach an chosmhuintir an teanga náisiúnta. Ansin bhí an Rúisis i réim agus b’í an teanga sin a labhraíodh na húdaráis.[3]
B’éigean don lucht léinn agus scríbhneoirí tabhairt faoi fhoclóir nua a thabhairt amach a raibh go leor téarmaíocht nua-aimseartha ann, agus diaidh ar ndiaidh forbraíodh an teanga.
Bíonn Rúisigh go leor ina gcónaí sna tíortha Bailt. Tugtar ‘cainteoirí Rúisise’ orthu seachas Rúisigh. Is é an chaoi gur tugadh daoine as an Rúis isteach nuair a bhí lucht oibre ag teastáil ó na húdaráis Sóivéadacha. Sa Laitvia, tugadh os cionn 800,000 díobh thar teorainn isteach le linn an ré Sóivéadaigh.
Nuair a fuair an Laitvia neamhspleáchas in 1991, d’imigh go leor de na Rúisigh go dtí an Rúis. Ach thacaigh go leor de na Rúisigh insan Laitvia leis an iarracht briseadh ón Aontas Sóivéadach. D’fhan na céadta míle acu sa tír, a dteanga féin acu, a gcuid scoileanna féin acu agus mar sin de. Bhí na ‘cainteoirí Rúisise’ mar eachtrannaigh agus níor tugadh na cearta céanna dóibh agus a tugadh do mhuintir na Laitvia féin. D’fhág sin go raibh mionlach sa tír a bhí míshásta, brúite síos. Mar sin ‘ní ón taobh amuigh a thagann gach bagairt, bíonn bagairtí inmheánacha ann freisin.’[3]
Tá brú nua ag teacht chun cinn sa 21ú haois agus daoine óga ag labhairt Béarla eatarthu féin, toisc gur i mBéarla a bhíonn na meáin shóisialta a thaitníonn leo.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1989, thit an tAontas Sóivéadach as a chéile, rinneadh athaontú ar an nGearmáin agus tugadh an Cogadh Fuar chun críche. Ar ócáid stairiúil sna tíortha Bailt ar an 23 Lúnasa 1989, tháinig ‘slabhra daonna’ le cheile, an "Bealach Baltach". Tháinig dhá mhilliún duine amach ar an tsráid agus iad i ngreim láimhe ar a cheile ó chathair Thaillinn san Eastóin anuas go cathair Riga sa Laitvia agus uaidh sin go cathair Vilnias sa Liotuáin. Éacht iontach a bhí ann, ní raibh an fón póca ná idirlín le fáil ag an am.
Sa bhliain 1991, bhain an Laitvia a neamhspleáchas amach ón Aontas Sóivéadach, ar nós leis na poblachtaí iar-Shóivéadacha eile.
Tharraing Arm na Rúise amach i 1994. D’fhág an ré Sóivéadach lorg chomh láidir ar an bpobal go mbíonn faitíos ar sheandaoine fós rudaí áirithe a rá ar an teileafón.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBearla, Latvia
- ↑ "Mūrnieku iela · Latgale Suburb, Riga, LV-1009, Latvia" (en). Mūrnieku iela · Latgale Suburb, Riga, LV-1009, Latvia. Dáta rochtana: 2025-09-12.
- 1 2 3 Mairéad Ní Nuadháin (12 Meán Fómhair 2025). "Ní haon iontas go mbíonn daoine fós faiteach ar an bhfón sna Tíortha Bailt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-12.
